Le Máirtín Ó Direáin
I mo aonar dom aréir
I mo shuí cois mara
An spéir ar ghann chuid néal
' S an muir is tír faoi chalm.
Do chumhraíocht ríonda
A scáiligh ar scáileán m'aigne
Cé loinnir deiridh mo ghrá duit
A shíleas bheith in éag le fada.
Ghlaos d'ainm go ceanúil
Mar ba ghnách liom tamall
' S chuala scread scáfar
Ó éan uaigneach cladaigh.
Maith dhom murab fhál leat fiú
Do scáth dhil im'aice
Ach bhí an spéir ar ghann chuid néal
' S an muir is an tír faoi chalm.
Tenha acesso a benefícios exclusivos no App e no Site
Chega de anúncios
Badges exclusivas
Mais recursos no app do Afinador
Atendimento Prioritário
Aumente seu limite de lista
Ajude a produzir mais conteúdo