Casadh An tSúgáin

The Bothy Band

Agus rinne mise cleas
Ag tigh mhic ui dhomhnaill aréir
Is an tarna cleas ag teach
An ósta lena thaobh
An triú cleas ní bfhearr domh
A chur le mo scéal
Is gur mhinicí domh bheith ag caitheamh
An dúthracht mhaith léI


A rí na bhfeart cad do chas
Ins a' dúiche seo mé?
'S gur mó cailín deas a gheobhainn
I'm' dhúthaigín beag féin
Gur casadh mé isteach mar a raibh searc
Agus rún geal mo chléibh
Is chuir an tseanbhean amach mé
Ag casadh an tsúgáinín féir


Má bhíonn tú liom, bí liom
A stóirín mo chroí
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Os comhair an tsaoil
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Gach orlach de do chroí
Is é mo liom go fann nach liom
Dé domhnaigh thú mar mhnaoí


Tá mo cheannsa liath le bliain
Is ní le críonnacht é
Ní bheathaíonn na briathra
Na bráithre pé sa domhan scéal é
Is táI'm I do dhiaidh le bliain
Is gan fáil agam ort féin
Is gur geall le fia mé ar sliabh
Go mbeadh gáir chon ina dhéidh


Do threabfainn, d'fhuirsinn
Chuirfinn síol ins a' chré
'S do dhéanfainn obair shocair
Álainn, mhín, réidh
Do chuirfinn crú fén each
Is mire shiúil riamh ar féar
Is ná héalaodh bean le fear
Ná déanfadh san féin

Composição: Colaboração e revisão: Lidiana Tedeschi

Cifra Club Academy

O ensino de música que cabe no seu tempo e no seu bolso!

Quero conhecer os cursos
Cifra Club Pro

Entre para o
Cifra Club PRO

Tenha acesso a benefícios exclusivos no App e no Site

  • Chega de anúncios

  • Mais recursos no app do afinador

  • Desconto em nossos produtos

  • Entre outras vantagens...